Having problems viewing
this site? Click here

 

Minority and Lesser-Used Languages Drugs Environment Health : Telemedicine Knowledge Economy Social Inclusion Tourism Transport Privacy Policy Disclaimer Copyright Site Map Search Work of the British-Irish Council

minority and lesser-used languages

print this frame

Teangacha Dúchais, Mionlaigh agus Neamhfhorleathana

Príomh-Údarás: An Bhreatain Bheag


Tá oidhreacht teanga thar a bheith saibhir i limistéar Chomhairle na Breataine-na hÉireann. Tá baill na Comhairle uile meáite ar gach buntáiste a bhaint as an éagsúlacht teanga seo trí comhoibriú le chéile, dea-chleachtais a roinnt, ábhar agus eolas a scaipeadh agus foghlaim ó thaithí a chéile i réimsí éagsúla.

Rinneadh cinneadh go mbeadh Teangacha Dúchais, Mionlaigh agus Neamhfhorleathana ar cheann de réimsí oibre Chomhairle na Breataine–na hÉireann ag an gcruinniú mullaigh a reáchtáladh i nGeirsí in 2002.

Tháinig Airí na bhFeidhmeannas le chéile i nGaillimh i mí Dheireadh Fómhair 2006 chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhí déanta i dtrí réimse oibre: tíolacadh teanga sa teaghlach, soláthar oideachais do dhaoine fásta agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) maidir le Teangacha Dúchais, Mionlaigh agus Neamhfhorleathana.
Communiqué

Glactar leis gurb é an tíolacadh teanga sa teaghlach an bhunchloch atá riachtanach do chaomhnú teanga. I mí Dheireadh Fómhair 2006, reáchtáladh ceardlann do ghníomhairí a bhíonn ag plé le tíolacadh teanga sa teaghlach.

Táthar ag leanúint le hobair sa réimse seo chun roinnt féidearthachtaí a fhiosrú: eiseamláirí de thograí a n-éiríonn leo tacú le tíolacadh teanga sa teaghlach; conas a bhféadfaí na heiseamláir seo a chur in oiriúint i gcásanna teangacha eile; bearnaí sa stór faisnéise a shainaithint; agus conas a bhféadfadh Feidhmeannais éagsúla na Comhairle comhoibriú le chéile chun na bearnaí seo a líonadh.

Tá an dul chun cinn atá déanta le déanaí i gcúrsaí TFC ag tacú le húsáid mionteangacha agus ag cuidiú lena stádas a ardú. Ta foghrúpa saineolaithe bunaithe chun an obair sa réimse seo a chur níos faide chun cinn. Reáchtálfar seimineár do shaineolaithe atá ag obair le TFC agus mionteangacha i gCaerdydd i mí na Samhna 2007.

Chomh maith leis sin, eagrófar ceardlann do ghníomhairí i mí na Samhna 2007 chun deiseanna maidir le comhoibriú idir na Feidhmeannais éagsúla i réimse an tsoláthair oideachais do dhaoine fásta a mheas.

Díreoidh na Feidhmeannais ar réimsí nua mar chuid den chlár oibre reatha: taighde agus cúrsaí pleanála agus teanga; reachtaíocht; agus suirbhéanna úsáide teanga agus sonraí.

Ba ar Theangacha Dúchais, Mionlaigh agus Neamhfhorleathana a díríodh ag an gCuigiú Cruinniú Mullaigh de Chomhairle na Breataine–na hÉireann a reáchtáladh i gCaerdydd i mí na Samhna 2003.
Communiqué

Tá an leathanach seo ar fáil chomh maith sna teangacha seo a leanas:

English / Béarla
Cymraeg / Breatnais
Gaelg / Manannais
Gaidhlig / Gaeilge na hAlban
Guernesiais / Fraincis Gheansaí
Jerriais / Fraincis Gheirsí
Ulster Scots / Albanais Uladh